Matha 8:18-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Nuair a chonaic Íosa anois na mórshluaite ina thimpeall, thug sé ordú uaidh dul anonn go dtí an taobh eile.

19. Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.”

20. Agus arsa Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag na madraí rua, agus neadacha ag éanlaith an aeir; ach níl aon áit ag Mac an duine a leagfaidh sé a cheann.”

Matha 8