2. Agus do chonnairc mé aingeal eile ag éirighe ón áird a nsoír, agá raibh séula Dé bhí: agus do éigh sé do ghúth árd ar na ceithre hainglibh, dá dtugadh cúmhachda an talamh agus a nfairrge mhilleadh,
3. Ag rádh, Ná déunuidh dochar don talamh, ná don fhairrge, ná do na crannuibh, nó go gcuiream séula ar searbhfhoghantuighibh ar Ndé a gcláruibh a néudan.
4. Agus do chúala mé uibhir na druinge air ar cuireadh an séula: agus do séuluigheadh céud agus ceathrar ar dhá fhichead dó mhíltibh do threabhuibh chloinne Israel uile.
5. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Iudá. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Rúben. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ghad.
6. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Asér. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Nephthali. Do seuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Mhanasses.