Taisbeanadh 18:19-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus teilgfid luáithreach ar a gceannuibh, agus béid ag éighmhe, ag gul agus ag caói, ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór, ré ndearnadh saidhbhir an mhéid agá rabhadar longa ar fairrge do bhrígh a saidhbhriosa sin! Óir do fasuigheadh í a néunuáir.

20. O a fhlaitheamhnuis, bíodh gairdearchas ort dá táobh, agus oruibhse a apsdala agus a fháidhe náomhtha; óir do riune Día dioghaltus uirrthe ar bhur sonsa.

21. Agus do thóg aingeal néartmhar áirighe cloch suás mar chloich mhóir mhuilinn, agus do theilg í sa bhfairrge, ag rádh, Is mar so teilgfidhthear an Bhabilón an chathair mhór síos ré foirrneart, agus ní bhiáidh air fagháil ní sa mhó.

22. Agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim cláirséoradh, ná luchd ciúil, ná phíobaireadh, ná thrompóireadh; agus ní bhiáidh éinfhear ceirde déincheird air bith air fagháil ionnad ní sa mhó, agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim chloichthe muilinn;

Taisbeanadh 18