3. Agus do éigh sé do ghúth árd, amhuil bhéiceas leomhan: agus an tan do éigh se, do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna.
4. Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.
5. Agus do thóg an taingeal do chonnairc mé na sheasamh ar muir agus ar tír a lámh suas chum nimhe,
6. Agus tug sé an tí mhaireas go sáoghal na sáoghal, noch do chrúthuigh neamh, agus na neithe atá ann, agus an talamh, agus na neithe atá ann, agus a nfairrge, agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda: