19. Achd a déara tú ríom, Maseadh créud fá bhfuil fearg air? Oir cía chuir a naghuidh a thola?
20. Achd ó a dhuine, cía thusa thagrus a naghuidh Dé? A naibeóra an ní do cumadh ris an té do chum é, Créd fá a ndearnuidh tú mé mar so?
21. A né nach bhfuil cúmhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, agus soitheach eile chum neamhonóra déanádhbhar amháin?
22. Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta:
23. Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire,