Romhánach 11:32-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile.

33. O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!

34. Oír cía agá raibh fios inntinne an Tighearna? nó cía ba comhairleach dhó?

35. Nó cía thug dhó ní ar tús, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?

Romhánach 11