7. Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.
8. Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
9. Oir gearrfuighthear amach luchd déanta na héagcóra: agus luchd feithmhe air an TTIGHEARNA, gheabhuid óighreachd a nfearuinn.
10. Agus fós beagán, agus ní bhiáidh an cionntach ann: measfa tú go dúthrachdach a ionad, agus ní bhfuil sé ann.
11. Acht géubhuid na ceansuighthe oighreachd a nfearuinn; agus biáidh a ndúil a niomad na síothchána.
12. Do ní an tanduine tionsgnamh a naghaidh a nionnruic, agus do ní díoscán na aghaidh ré na fhíaclaibh.
13. Do dhéana an TIGHEARNA gáire uime: óir do chí go ttiucfaidh a lá.