Psailm 31:6-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.

7. Bíad lúathghaireach agus do dhéan gáirdeachus ann do thrócaire: oír do chonnairc tú mo bhuáidhreadh; agus daithin tú manam a néigion;

8. Agus nior thoirbhir tú mé a láimh mo námhad: do chuiris mo chosa a nionad fháirsing.

9. Déan trócaire orum, a THIGHEARNA, óir atáim a mbúaidhreadh: atá mo shúil ar na cnáoi le díbhfheirg, manam fós, agus mo bholg.

Psailm 31