Psailm 22:3-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Acht atá tusa náomhtha, thusa áitreabhus a molta Israel.

4. Ionnadsa do chuireadar ar naithre a ndóigh: do chuireadar, agus do sháor tú íad.

5. Chugadsa do chomhairceadar, agus do sáoradh íad: ionnad do chuireadar a ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.

6. Acht peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo tharcuisniughadh ag an bpobal.

7. Gach a bhfaicionn mé atáid ag magadh orum: iompóighid amach a mbéul, croithid a cceann,

8. Ag rádh, Do chuir sé a dhóigh san TTIGHEARNA go saorfadh é: fúasgladh sé é, ó tá dúil aige ann.

Psailm 22