Psailm 119:39-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

39. Iompoigh uáim mo scannail noch is eaguil liom: óir is maith do bhreitheamhnuis.

40. Féuch, do bhí fonn agam ann haitheantaibh: béoghaidh mé ann thfíréantacht.

41. Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre.

42. Agus fregéora mé focal dfhior mo choirighthe: óir atá mo dhóigh ann do bhréithir.

43. Agus ná beir as mo bhéul focal na fírinne go hiomlán; óir do fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.

44. Agus coimhéadfad do dhligheadh a ccomhnuighe go brath agus choidhche.

45. Agus siubholad go fairsing: óir do lorgair mé haitheanta.

46. Agus laibheorad air thfíadhnuisighibhsi a lathair ríogh fós, agus ní bhíaidh náire orum.

47. Agus biáidh dúil agam féin ann haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé.

Psailm 119