Psailm 116:6-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Cumhduigh an TIGHEARNA na dáoine simplighe: do hísligheadh mé, agus do sháor sé mé.

7. Iompóigh ó manam, chum do shuáimhneasa; óir do frith an TIGHEARNA go tiodhlaictheach ort.

8. Do bhrígh gur sháor tú manam ó bhás, mo shúile ó dhéaruibh, mo chos ó sciorradh.

9. Siobholad ar maghaidh ós coinne an TIGHEARNA a ttalamh na mbéo.

10. Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.

11. A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.

12. Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?

Psailm 116