33. Iompóighe sé aibhne a mbáinsidh, agus toibreacha uisge a dtalamh ttartmhar;
34. Fearann tórthach a ngorta, ar son corbaidh an luchta noch áitrighios ann.
35. Iompoighe sé fásach a loch uisge, agus fearann tirim a ttoibribh fíoruisge.
36. Agus cuiridh na hocraigh na ccomhnuighe annsin, go nullmhuighid cathair chum áitreibhthe;
37. Agus go ccuirid machaireadha, agus go ndéanaid fíneamhna, agus do bhéaraid toradh bisigh.
38. Beinneochuidh sé íad mar an gceadna, agus méideochaidh go mór; agus ní laighdeochaidh sé a neallach.
39. Agus a rís, laghduighear íad agus do bhearthar a núas íad le sarúghadh, le holc, agus le doilghios.
40. Dóirtigh sé tarcuisne air phrionnsuighibh, agus do bheir orra bheith air seachrán annsa bhfásach, mar nach bhfuil slighe ar bith.