8. Agus do itheadar, agus do sásadh íad: agus do thógbhadar seachd gcléibh do bhiadh bhrisde do bhí dfuighleach aca.
9. Agus do bhí an luchd do chaith an biadh a dtimcheall cheithre míle: agus do léig sé úadh íad.
10. Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille ré na dheisciobluibh, táinic sé go rann Dalmanúta:
11. Agus tangadar na Phairisínigh a mach, agus do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.
12. Agus ar ndéunamh osna dhósan an a spioraid, a dubhairt sé, Créd fá níarrann an cineadh so comhartha? a deirim ríbh go fírinneach, Nach dtiobharthar comhartha don chineadh so.
13. Agus ar na bhfagbháil dó, ar ndul a luing a rís do chúaidh sé don táoibh eile.