29. Agus an tan thaisbéunas an toradh é féin, ar an mball cuiridh sé corrán ann, do bhrígh go bhfuil ann fóghmhar do láthair.
30. Agus a dubhairt sé, Créd é an ní ré a ndéanam ríoghachd Dé do shamhlughadh? nó créd í an bharamhail ré samhuilfimís é?
31. Is cosmhail é re gráinne musdaird, noch, an tan churthar ann sa talamh, is é is lugha don uile shíol dá bhfuil ar talamh:
32. Achd tar éis a chora, fásaidh sé súas, agus is mó é ná éunluibh do na luibheannuibh, agus fásaid géuga móra air; ionnus go bhféadfaidis éunlaith an aiéir nid do dheanamh ar á sgáth.