Marcus 4:21-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus a dubhairt sé ríu, An dtig an choinneal dá cur fáoi bhéul soighthigh, nó fáoi leabuigh? An né nach do chum go gcuirfidhe a gcoinnléoir í?

22. Oír ní bhfuil ní ar bith foluightheach, nach bhfoillseachar; na seicréideach, nach dtiocfa chum soluis.

23. Gidh bé neach agá bhfuilíd clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

24. Agus a dubhairt sé ríu, Tabhruidh dá bhur naire créd é an ní úd chluintí: gidh bé miosúr an a dtoimheósdáoi, toimheósdar chugaibh é: agus do bheurthar tuilleadh dháoibhsi atá ag éisdeachd.

25. Oír gidh bé neach agá bhfuil ní, do bhéurthar dhó: agus gidh bé neach a tá gan ní aige, toigéubhthar úadh an ní a tá aige.

26. A dubhairt sé, Is amhluigh a tá ríoghachd Dé, mar do chuirfeadh neach síol a bhfearann;

Marcus 4