27. Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh.
28. A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:
29. Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:
30. Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.
31. Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin.