12. Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca, a gcruth eile mar shíubháileadar, agus íad ag dul fan dtudháith.
13. Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile: gidheadh níor chreideadar íadsan fós.
14. Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dhég do thaisbéan sé é féin dóibh, agus do chuir sé na aghaidh a míchreideamh agus a gcrúas croidhe, tré nár chreídeadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe.
15. Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir.
16. Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.