Lucais 9:42-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

42. Agus ad teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh, agus thug sé dhá athair fein é.

43. Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh,

44. Taisgidh na bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an duine a lámhuibh na ndaóine.

45. Achd níor thuigeadarsan an comhrádhsa, agus do bhí sé ar na fholach úatha, ionnas nar airigheadar é: agus do bhí eagla orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.

46. Agus déirigh diospóireachd eatarra, cía dhíobh féin budh mhó.

47. Agus ar bhfaicsin smuaintighe a gcroidhe, Díosa, do ghabh se leanabh chuige, agus chuir sé na aice féin é.

Lucais 9