17. Agus tárla go raibh sé lá áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe.
18. Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean.
19. Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.
20. Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit.
21. Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?
22. Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?
23. Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?
24. Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
25. Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.