Lucais 3:16-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:

17. Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.

18. Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.

19. Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,

20. Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.

Lucais 3