Lucais 24:4-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha:

5. Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo?

6. Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé

7. Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.

8. Agus do chuimhnigheadarsan ar a bhriathraibhsion,

9. Agus ar bhfilleadh ón túama, dfoillsigheadar na neithesi uile don éineasbal dég, agus do cach eile uile.

10. Achd a si Muire Mhaghalén, agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu, dinnis na neithesi do na heasbuil.

11. Agus do cheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.

Lucais 24