Lucais 22:31-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:

32. Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.

33. Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.

34. Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.

35. Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.

Lucais 22