Lucais 16:20-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Achd do bhí duine bochd áirgighe ann, dar Lás, do bhí na luidhe agá gheatasan, lán do chréachduibh,

21. Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda.

22. Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;

23. Agus ar mbeith dhó a nifearn a bpíanuibh do thóg sé a shúile súas, agus do chunnairc sé Abraham a bhfád Uadh, agus Lasarus ann a uchd.

24. Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana tócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.

25. Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh.

Lucais 16