17. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.
18. Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh;
19. Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh.
20. Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.