8. Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,
9. O atámáoidne a niugh air ar dtabhairt chum ceasda a dtimcheall na máitheasa do rinneadh don duine éagcrúaidh, cionnas do slánnuigheadh é;
10. Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
11. A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.
12. Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.