Gníomhartha 3:11-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus ag cungmháil Pheadair agus Eóin don mhairtíneach úd do slánughadh, do rioth an pobal uile chuca ag iongantus, don phoirse da ngoirthear póirse Sholaimh.

12. Agus ar na fhaicsin sin do Pheadar, do fhreagair sé don phobal; A fheara Israél, créd fá bhfuil iongnadh aguibh ann so? nó créd fá bhfuiltí ag sírfhéachuin oruinne, amhuil as gur tré ar gcúmhachdaibh féin nó tré ar náomhthachd do thugamar air an bhfearso siúbhal?

13. Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naithreachne, do ghlóruighe sé a Mhac féin Iósa; noch do bhraitheabhairse, agus do shéunabhair a bhfíadhnuisi Phíolaid, an tan rug sé do bhreith a sgáoileadh.

14. Achd do shéunabhairse an Neach Náomhtha Fíréanta, agus diarrabhair fear dúnmharbhtha do thiodhlacadh dhíbh;

15. Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.

Gníomhartha 3