10. Ionnus go ndearbhadh sibh na neithe as fearr; as go mbíadh sibh fíorghlan gan tuisleadh ar bíth go lá Chríosd;
11. Ar mbeith líonta do thórrthuibh fíréuntachda, noch tré Iósa Críosd, lionus chum glóire agus molta Dé.
12. Agus as mían riom a fhios do bheith aguibh, a dhearbhráithre, na neithe thárrlá dhamh gur éiridh ríu barr oirdhearcuis do chur ar a tsoisgéul;
13. Ionnus go bhfuilid mo chuibhrighthese ar son Chríosd óirdheirc ar feadh an Phálais uile, agus sna huile áitibh eile;
14. Ionnus gur móide dánachd na coda as mó do na dearbhraithribh sa Dtíghearna, chum na bréithré do labhairt go neimheaglach, an mheisneach do ghabhadar chuca as mo chuibhrighthibhse.
15. Do ní dream áirighe go dhearbhtha Críosd do sheanmórughadh tré thnúth agus tre chonsbóid; agus dream eile tré dheaghthoil:
16. Do ní dream aca Críosd do sheanmórughadh trés chonsbóid, ní ó inntínn ghloin, ag sáoilsin dóibh go gcuirfid tuilleadh buáidheartha a gceann na gcuibhreach atá oramsa:
17. Achd dreim eile ó ghrádh, ar mbeith a fheasa aca, go bhfuilimse arm o chur chum féasda ar son an tsoisgéil.