3 Eóin 1:6-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:

7. Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh.

8. Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.

9. Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.

10. Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.

3 Eóin 1