5. Agus go dtréoruidhe an Tíghearna bhur gcroidhthe sá tslíghe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feitheamh go foighideach ré Críosd.
6. Agus do bheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithre, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, sibh féin do dhealughadh ré gach dearbhráthair shiubhlus go miríaghalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne.
7. Oír atá a fhios aguibh féin cionnas as coir sinne leanmhuin: óir níor iomchramar sinn féin go míríaghalta eadruibhse;
8. Agus ní a naisgidh do itheamar atán ó aóin neach; achd maille ré sáothar agus ré hanshógh ag déunamh oibré do ló agus doídhche, deagla ar dtruime do leigean ar áon neach aguibhse.