11. As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:
12. Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:
13. Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.
14. Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.
15. Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.
16. Toirmisg ciapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd: óir tiucfuidh ar a naghuidh chum tuillidh neimhdhiaghachda.
17. Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;
18. Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.
19. Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.
20. Gídheadh a dtígh mór bíd, ní hé amháin soithighe óir agus airgid, achd fós soithighe croinn agus críadh; cuid díobh chum onóra, agus cuid eile chum neamhonóra.