6. Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
7. Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.
8. Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;
9. Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;