15. Gidheadh níor chuir misi éinní dhíobh so a gnás: agus fós ní huime do sgríobh mé na neithesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: oír do bhfear leam bás dfagháil, ná go ccuirfeadh éainneach mo mháoithfeachus a neimhbhrígh.
16. Oír bíodh go ndeanuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní bhfuil adhbhar máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; agus, as trúagh dhamh, muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh!
17. Oír más ó thoil do ním so, atá luáidheachd agam: más a nadhaigh mo thoile, atá fós a chúram ar na léigean táóbh ríom.
18. Uime sin créd í mo lúaidheachd? Go fírinneach, soisgéul Chríosd do thabhairt uáim, a naisgidh an tan sheanmóruim é, do chum gan na cúmhachda atá agam sa tsoisgél dísliughadh.
19. Oír bíodh go bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, do rinne mé searbhfhoghantuidhe dhíom féin do na huile dháoinibh, chum ní sa mhó do gnodhughadh dhamh.