12. Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní béarthar fáoi chúmhachda éinneithe mé.
13. An bíadh don bholg, agus an bólg don bhíadh: gidheadh sgriosfuidh Día íad ar áon. Achd ní do sdriopachas do hórduigheadh an corp, achd don Tighearna; agus an Tighearna don chorp.
14. Agus do thóg Día an Tighearna súas, agus tóigeabhaidh sé sinne súas ré na chúmhachdaibh féin mar an gcéadna.
15. A né nach bhfuil a fhios aguibh gur boill do Chríosd bhur gcuirp? uime sin an dtoigeubhaidh misi boill Chríosd, chum ball sdríopaidhe do dhéunamh dhíobh? nár léige Día sin.
16. A né, nach bhfuil a fhios aguibh an tí atá ceangailte do sdríopaidh gur éunchorp ría é? óir bíaidh, ar sé, días na naóinfheóil.