16. Bídhidhse fós úmhal da leithid sin, agus dá gach áon do ní obair, agus sáothar maill rinn.
17. Agus atá lúathgháire oram tré theachd Steapháin agus Fhortunátuis, agus Achaicuis: do bhrígh go ndearnadar bhur nionadsa dhamh.
18. Oír tugadar furtachd dom sbioruidse agus do bhur sbioruidsi: uime sin biodh meas aguibh ar a samhuil sin.
19. Cuirid eagluisidhe na Hásia beatha agus sláinte chugaibh. Cuirid Acuila agus Priscilla maille ris a neagluis atá ann a dtigh, beatha agus sláinte go dúthrachtach sa Dtighearna chugaibh.
20. Cuirid na dearbhraithre uile beatha agus sláinte chugaibh. Teannuidh féin ré cheile maille ré póig náomhtha.