1 Ccorintiánach 14:22-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Uime sin as mar chómhartha atáid na teangtha coimhthigheacha, ní don druing chreideas, achd don druing atá air dhíth creidimh: gidheadh ní don druing atá gan chreideamh fhoghnus fáidheadóireachd, achd don druing chreideas.

23. Uime sin da gcruinnighe a neagluis uile a gceann a cheile ann éin áit, agus go laibhéoruid uile ré teangthuibh choimhthigheacha, agus go dtiucfuid túatadha no dáoine ar dhíth creidimh a sdeach, a né nach aibéoruid síad go bhfuil sibh air buile?

24. Gidheadh dá rabhuid uile ag fáidheadoireachd, agus duine gan chreideamh, nó túata do theachd a sdeach, sbreagthar úatha uile é, agus do níd uile breitheamhnus air:

25. Agus mar sin foillsighthear neithe folaigheacha a chroidhe; agus amhluidh sin ar dtuitim ar a aghaidh dhó dh bhéura sé onóir do Dhía, ag foillsiughadh go bhfuil Día eadruibhse go fírinneach.

1 Ccorintiánach 14