Síorach 44:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois,a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann;tá siad faoi mar nár rugadh riamh iadagus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh.

10. Ach fir dhiaganta ab ea na fir seo leanas,nach ndearnadh dearmad ar a ndea-oibreacha riamh.

11. Mairfidh a gconách ag a sliocht,agus a n‑oidhreacht [ag sliocht a sleachta].

12. Seasann a sliocht leis na conarthaí,agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith.

13. Mairfidh a sliocht go brách,agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir.

Síorach 44