Síorach 4:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.

4. Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.

5. Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;

6. Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.

7. Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.

8. Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.

9. Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;

10. Bí i d'athair ag na dílleachtaí,agus chomh maith le céile dá máthair;beidh tú mar mhac leis an Té is Airde,agus tabharfaidh sé grá duit thar mar a dhéanfadh do mháthair.

11. Tugann an eagna ardú céime dá clann mhac féin,agus fóireann sí ar an muintir a lorgann í.

Síorach 4