Síorach 28:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Adhnann aighneas tobann tine,agus doirteann achrann mire fuil.

12. Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí;caith seile uirthi agus múchfaidh sí;as do bhéal amach a thagann siad araon.

13. Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire;mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé.

14. Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh,agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún;scrios sí cathracha daingne,agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan.

15. Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúlagus d fhág iad gan luach a saothair.

16. Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di;ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta.

17. Fágann buille den lasc riasta,ach briseann léasadh teanga na cnámha.

18. Is iomaí duine a thit le faobhar claímh,ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga.

Síorach 28