Seanfhocal 8:22-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.

23. I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.

24. Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.

25. Sular cuireadh na sléibhte ina n‑áit,sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;

26. Sula ndearna sé talamh nó tír,nó fóid thosaigh an domhain.

27. Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas,agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,

28. Agus ag socrú na scamall lastuas,agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,

Seanfhocal 8