Seanfhocal 28:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht.

16. An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.

17. An té ar a bhfuil fuil duine eile,beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

18. Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.

19. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún,ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.

20. Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic,ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.

21. Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

22. An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

Seanfhocal 28