Seanfhocal 23:16-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Beidh mé féin meidhreach meanmnachnuair a sceithfidh do bhéal briathra córa.

17. Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh,ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;

18. Óir tiocfaidh an lá amárach,agus ní rachaidh do dhóchas amú.

19. Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat,agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].

20. Ná taobhaigh lucht na síormheisce,ná craosairí gnáth na feola.

Seanfhocal 23