Seanfhocal 18:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.

6. Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.

7. Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.

8. Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

9. An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.

Seanfhocal 18