Salm 50:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Foilsíonn na flaithis a fhíréantachtóir is é Dia é féin is breitheamh.

7. “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.

8. Ní de bharr d'íobairtí a cháinim thú:bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.

9. Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theachná le pocaide gabhair de do thréada.

10. Óir is liom ainmhithe uile na coilleagus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.

11. Is aithnid dom éanlaith an aeiragus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.

12. Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.

13. An dóigh leat go n‑ithimse feoil tarbh?An measann tú go n‑olaimse fuil gabhar?

Salm 50