Salm 50:16-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairtagus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?

17. Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

18. Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leisagus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.

19. Tugann tú do bhéal don olcagus cumann tú bréaga le do theanga.

Salm 50