Salm 39:2-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlitesula ndéana mé peaca le mo theanga.Cuirfidh mé srian le mo bhéalnuair a bheidh an t‑éagráifeach os mo choinne.”

3. Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost,bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

4. Bhí mo chroí go te ionam istigh;las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,agus leis sin labhair mo theanga.

5. Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,nocht dom líon mo laethanta,ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.

Salm 39