20. Rachaidh na héagráifigh go léir ar cealmar aon le naimhde an Tiarna.Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaireagus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.
21. Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht,ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil.
22. Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna,ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.
23. Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duineagus déanann slí an té is geal leis sábháilte.
24. Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é,ós é an Tiarna é féin a thaca.
25. Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta,ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigeanná a shliocht ag iarraidh a gcoda.
26. Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh,agus beannófar a shliocht dá éis.
27. Seachain an t‑olc, déan an mhaithagus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.
28. Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantachtagus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.Déanfar lucht na héagóra a dhíothúagus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
29. Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimhagus mairfidh siad ann go brách.
30. Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagnaagus canann a theanga an ceart;
31. bíonn dlí a Dhé ina chroí,ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.
32. Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréinagus fonn a mharaithe air.
33. Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é,ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air.
34. Fan leis an Tiarna; bí dílis dóagus tabharfaidh sé ardú céime duit,go mbronnfaidh ort seilbh na talún;agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.
35. Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreachina sheasamh amhail céadras na Liobáine.
36. Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe;chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.
37. Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic,óir beidh sliocht ag fear na síochána;
38. ach dísceofar na peacaigh uile le chéile;déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh.
39. Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan,is é a ndídean é in am na trioblóide.