Salm 34:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

12. Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.

13. Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

14. Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.

15. Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.

16. Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n‑achainí.

Salm 34