Salm 113:4-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.

5. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?

6. Cromann sé ó na harda anuaschun féachaint ar neamh agus ar talamh.

7. Tógann sé an t‑íseal aníos as an deannach;ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,

8. á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí,ar aon chéim le prionsaí a phobail.

Salm 113