Salm 104:31-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Go maire glóir an Tiarna go brách!go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!

32. Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith;má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu!

33. Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé;molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom.

34. Go mba taitneamhach leis briathra mo bheil;is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas.

35. Go scriostar na peacaigh as an talamh;agus go dté na hurchóidigh ar ceal.Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!

Salm 104