8. Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).
9. Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú.
10. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.
11. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”